Eachtra farraige é Aois Fir. Tá garsún sna déaga luatha i mbun bád seoil leis féin ar an bhfarraige mhór. Tá a athair agus a uncail ina bpleisteana ag a gcuid ólacháin ar an mbád. Ní haon chabhair iad. Ní mór don ngarsún a bheith ina fhear anois, aghaidh a thabhairt ar a chuid eaglaí, teacht ar a mhianach, agus é i ngalar na gcás. Is gearr go mbeidh sé ina oíche. Ní mór dó an bád, é féin agus na fir a thabhairt slán. Pé hiad féin, na fir. Pé rud é, bheith i d’fhear.