€25.00
Líon:
Beart do Pháistí
Beart do Pháistí
Clúdach: Bog

An bhfuil tú ag iarraidh grá don Ghaeilge a spreagadh i measc páistí óga? Tá an bosca seo oiriúnach do pháistí idir 5-10 mbliana d’aois, agus tá cluichí agus leabhair spraíúla san áireamh. Cabhróidh an beart seo suim a chothú sa teanga sna blianta atá amach romhainn.

Seo thíos na táirgí a gheobhaidh tú i do bhosca bronntanas do pháistí:

Eolaíocht Éasca

Bosca iontach don eolaí óg i do shaol. Tá treoracha ann do lear mór turgnamh, mar aon leis an gcuid is mó den trealamh a theastaíonn chun na turgnaimh féin a dhéanamh. Sa bhosca seo tá leabhar saothair, cairt fíricí agus níos mó ná 90 píosa le húsáid.

Bainfidh páistí taitneamh agus tairbhe as an mbosca seo agus is cinnte go bhfoghlaimeoidh siad stór focal nua ag an am céanna.

Puzal Míreanna Mearaí - Éire

Tá go leor buntáistí ag baint le míreanna mearaí a dhéanamh, agus is é an chuid is fearr ná gur féidir leis an teaghlach ar fad a bheith páirteach ann. Beidh an puzal míreanna mearaí de léarscáil na hÉireann seo ina áis foghlama agus ina spraoi do pháistí.

Bealach taitneamhach le hainm na gcontaetha agus na bpríomhbhailte a fhoghlaim as Gaeilge, chomh maith leis na haibhneacha agus na lochanna.

Dialann Dúradáin

Níl sé éasca a bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Heffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos dána ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú!

Ceapann Mama gur cheart do Greg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi. Mar a deir sé féin: “Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid ‘mothúchán’ anseo.”

Ach ní mar sin a tharlaíonn sé agus nach orainne atá an t-ádh nach ea!