údar
Helen Hegarty

Is as Contae an Chláir ó dhúchas í Helen Hegarty. Tá bunchéim aici sa Dlí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus tá Dioplóma i nDlí na Fraince agus Aistriúchán Dlí aici ó Université Paris X.

In 2008 rinne sí cúrsa ullmhúcháin do chainteoirí Gaeilge ar mhian leo cur isteach ar phoist mar dhlítheangeolaithe in institiúidí na hEorpa, cúrsa a rinne Óstaí an Rí a reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr Teoranta. D’éirigh léi an marc ab airde a bhaint amach sa rang an bhliain sin agus bhí sí páirteach i dteagasc an chúrsa chéanna in 2009.

Bronnadh an séala creidiúnaithe d’aistritheoirí uirthi in 2009, agus tá sí mar bhall de phainéal d’aistritheoirí creidiúnaithe don earnáil phoiblí – aistritheoirí a bhfuil caighdeán sárchumais bainte amach acu.

Tá sí i ndiaidh Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht a chur i gcrích le hIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Fuair sí céad onóracha sa chúrsa sin agus bhuaigh sí ‘Duais Uí Dhoibhlin i Léann an Aistriúcháin’. Bronntar an duais sin ar an té a ghnóthaíonn an marc is airde sa Dioplóma Iarchéime.

Bronnadh an Séala Creidiúnaithe d’Eagarthóirí uirthi i mí Iúil 2011, agus tá sí ar dhuine d’ochtar eagarthóirí creidiúnaithe don earnáil phoiblí – eagarthóirí a bhfuil caighdeán sárchumais bainte amach acu.

Bhain sí Ard-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil (Óstaí an Rí) amach in 2011. Fuair sí pas le gradam sa chúrsa sin agus bhain sí an chéad áit amach sa rang.

Thosaigh Helen ag múineadh le Gaelchultúr i mí Mheán Fómhair 2008, agus tá idir ranganna oíche agus sainchúrsaí múinte aici ó shin i leith. Tá siollabais agus acmhainní teagaisc forbartha aici do chúrsaí ginearálta agus do shainchúrsaí na cuideachta, agus tá sí mar chomhúdar an chárta sracfhéachana gramadaí QuickGuide Irish Grammar. Tá roinnt cúrsaí ríomhfhoghlama scríofa aici do shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, agus tá eagarthóireacht déanta aici ar chúrsaí eile. Tá sí ag feidhmiú mar eagarthóir ar Nuachtlitir Ghaelchultúir ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2010 ann.

 

Tuilleadh ó Helen Hegarty