Aois: 7+ Leibhéal teanga: feabhsaitheoirí, iad siúd atá in ann léamh In úsáid: teaghlaigh, scoileanna, grúpaí sóisialta
Tá an cluiche Spraoi le Brí dírithe ar dhaoine atá ag iarraidh a réimse focal sa teanga a mhéadú. Tá sé phaca cártaí sa chluiche, ar shé théama éagsúla (ainmfhocal, briathar, aidiacht, téarma sa ghinideach, seanfhocal agus téama oscailte). Tá cead aon fhocal a rá, seachas an focal atá ar an chárta féin.