PMM: €49.95
€24.98
Lascaine: 50%
Líon:
Réalta an Ranga
Réalta an Ranga
Cluiche tomhais don rang Gaeilge
ISBN: 9780956361462
Bliain foilsithe: 2013
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Tá na nithe seo a leanas le fáil in Réalta an Ranga:

• 288 cárta álainn ildaite do chluiche tomhais taitneamhach
• leabhrán ina bhfuil treoracha imeartha don chluiche tomhais agus eolas maidir leis an ngramadach atá ag teastáil chun é a imirt.

Tá trí théama éagsúla i gceist in Réalta an Ranga: gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe. Tá 12 chárta ann do gach téama agus go leor cóipeanna de na cártaí ar fáil chun gur féidir le 32 fhoghlaimeoir an cluiche a imirt ag an am céanna.

Is acmhainn spraíúil agus luachmhar é Réalta an Ranga atá oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon. Cuireann an cluiche deis ar fáil do lucht a imeartha cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, tuiscint a fháil ar an difear atá idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach, agus stór focal úsáideach agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir